Thursday, December 29, 2005

Gabh mo leithscéal agus Kinja

Gabh mo leithscéal! Bhí mé gnóthach (ag obair agus ar laethanta saoire) agus ní raibh aon rud a rá agam.

Is uafásach an athdhearadh nua ar Kinja. Ba mhaith liom a chur fotha nua istigh i Kinja (an blag nua Bean in Éirinn) le tamall maith anuas, ach ní ligeann Kinja dom é a dhéanamh.

Is fearr le Cionaodh an comhbhailitheoir Rojo anois (tar éis an athdhearadh ar Kinja), ach tá mé splanctha i ndiaidh Nick Denton, mar sin leanfaidh mé le Kinja go ceann tamaill.

Monday, November 14, 2005

Déardaoin

Bhí an Déardaoin seo caite maidin samplach sa teach Mhic Pheadair.

Dhúisigh Artúirín ar ceathrú chun a sé agus thosaigh sé ag rá, "Nó, nó, nó!" Ba mhian liom a rá, "Nó, nó, nó!" chomh maith, nuair a fhuair Cionaodh é. (Bím cantalach de ghnáth gach maidin)

D'fhéach Artúr agus mé féin ar Timmy agus Lassie agus ar na Wiggles ar feadh tamaill; idir an dá linn rinne Cionaodh bricfeasta Artúir, shocraigh sé mo mhála lóin, agus phacáil sé an mála taistil d'Artúr don turas thar oíche sa teach Grandma.

Thóg Cionaodh Artúirín don bricfeasta. D'imigh mé sa seomra folctha a ullmhaigh. Chuala mé béic as Cionaodh.

Tháinig mé taobh amuigh den seomra folctha. Rinne Artúr, ár moncaí beag, iarracht ar dhreapadh amach as a chathaoir agus shac sé a chos sa gránach.

Lipéid: ,

Wednesday, October 26, 2005

scene from a sleep-deprived marriage

Nicole: An Oíche Shamhna in Éirinn cosúil leis Oíche Shamhna sna SAM?

Cionaodh: Ní hea.

N: Ach maraíonn na páistí dreoilín 7 tá siad ag iarraidh déirce…

C: Seo é Lá Fhéile Stiofán.

N: Oh, yeah.

Tuesday, October 25, 2005

mí na meala mo thuismitheoirí

Thosaigh m'athair an carr. "An miste leat má dhéanfaimis stad tapa roimh ár dturas?" ar seisean.

"Ní miste liom," arsa mo mháthair. Cheap sí gur theastaigh leithreas uaidh.

Theastaigh neachtlann uaidh. Ní raibh éadaí glana aige le mí na meala.

Tar éis roinnt uaireanta sa neachtlann, thiomáin siad go dtí Cape Cod. Thiomáin siad agus thiomáin 's thiomáin . . .

Nuair a shroich siad Wellfleet, bhí corraithe ar mo mháthair. Bhí a óstlann i Wellfleet, Truro, nó Provincetown!

"Cá mbeimid ag fanacht?" ar sise.

"An chéad áit le fógra 'Folúntas' air," ar seisean.


D'fhan siad ar Cape Breeze Motel. Tá beagán fearg ar mo mháthair leis fós...

Lipéid: ,

Friday, October 21, 2005

mí na meala an sheantuismitheoirí

Nuair a bhí mé i m'óige, d'fhiafraigh de mo sheanmáthair cén fáth a bhí páistí i gach grianghraf óna mí na meala agus cé hiad? Ar sise, "Is iad páistí an Uncail Barney."

Bhí mí na meala an sheantuismitheoirí mion-tubaiste. Phleanáil siad go dtí Chicago agus Niagara Falls a dhul. Bhí uncail mo sheanmháthar (Barney) agus a chlann ina gcónaí i Chicago. Deir sé go dtabharfadh sé aire don mí na meala. Agus rinne sé é.

Chuir Barney óstlann in áirithe. Bhí a lán mná striapacha san óstlann.

Agus lean Uncail Barney (agus a chlann) ar mo sheantuismitheoirí i ngach áit. Faoi dheireadh, chuaigh siad go dtí Niagara Falls . . . in aonar.


amárach ... bhí drochtús míosa na meala ag mo thuismitheoirí


Lipéid: ,

Tuesday, October 18, 2005

cothrom an lae a phósamar

Dhá bhliain ó shin, phós mé Cionaodh. Ní sílim is féidir leis an lá foirfe a bheith pleanáil. Ní raibh ár lá pósta foirfe, ach ar a laghad ní fuair aon duine bás.

Ar lá amháin ceithre mí roimh ré, bhí an lá foirfe againn. Rinneamar ár rudaí muirneacha -- chuamar ag siopadóireacht leabhair agus chuamar ar crannlann. Agus, faoi mo chrann muirneach, thug sé dealg dom agus d'iarr sé orm a bhean chéile a éiri.

Táim i ngrá leat, a Chionaoidh.

Monday, October 17, 2005

Mo shin-seanmháthair

Sa dinnéar teaghlaigh, dúirt m'athair gur mhian leis mititei a thabhairt d'Artúr. (Is ispín Rómhánach é. Is clann m'athar Rómhánach as Albáin.)

Dúirt mo sheanmháthair (máthair m'athar), "Ná tabhair mititei de. Níor ith mo mháthair é riamh. Bhí ailléirge uirthi le gairleog. Thit sí i bhfanntais nuair a ith sí mititei."

Tá mo sheanmháthair beagán craiceáilte...ach ní féidir leis an Rómhánach gairleog a ithe...vaimpír, an ea?


Lipéid: , ,

Thursday, October 13, 2005

Mommy/Daddy Blog Roundup 1

Tá dutch (an fear céile ar Sweet Juniper) go mhaith i gcónaí. Is fuath le dutch Michael Flatley…seo é an fáth. (Agus tá dealramh ag Junebug le twentymajor.)

Cuireann Chocolate Makes It Better i gcuimhne dom cén fáth nílimid inár gcónaí lenár muintir.

Tá Morphing into Mama ag éirí seanbhean álainn.

Tá ChildsPlayx2 an t-athair cúplaí…agus tá tuirse ar a bhean chéile.

Is é an blag é is fearr liom an tseachtain seo: Roc Rebel Granny.

...agus scríobhaim freisin ar Parents Behaving Badly (as Béarla).

Wednesday, October 12, 2005

an chéad oíche as baile

Aréir, chuaigh Artúr a chodladh sa bhaile mo thuismitheoirí. Bhí a chéad oíche as baile.

Tá oíche rhómánsach ag formhór na lánúineacha nuair a bhíonn a bpáistí as baile. Níl Cionaodh ná mise rómánsach. Chuamar go dtí rang CPR agus thángamar abhaile an-déanach.

Bhí mé ag caint leis m'athair an maidin seo agus deir sé go raibh Artúr an-mhaith. Cinnte, leabhar is fearr leis a phácail, agus (an-tábhachtach) blaincéad is fearr leis a phácail. (Skankee MacBlankee is ainm do bhlaincéad -- is fiúntach é a "post" féin.)

Tá bród orm as (ach chronaigh mé go mór é chomh maith!).

Ní raibh codail ag Cionaodh chomh maith seo ó bhreith Artúir. Codlaíonn Artúr deich uair gach oíche, ach codlaíonn Cionaodh go héadrom mar mothaíonn sé ár mac san oíche.

Baileoidh mé Artúr i gceann nóiméad. Tá súil agam go cuimhne aige orm!

Irish Blog Awards

Via maca (via twentymajor), tá Damien Mulley ag smaoineamh a dhéanamh Irish Blog Awards.

Comhairlíonn maca an catagóir "Best Irish Language Blag." B'fhéidir go mbeidh an catagóir "Best Irish Language Podcast."



Lipéid: , ,